Saturday, 19 of April of 2025

News

Comórtas Ealaíne

Bhí Rang a hAon páirteach i gcomórtas Ealaíne, bhuaigh triúr as an rang duais agus bhí bronnadh speisialta ar siúl i Halla na Cathrach le Méara Shligigh, Matt Lyons. Bhí orainn pictiúr a dhathú as an scannán ‘The Hunchback of Note Dame’. Comghairdeachas le Aoife, Tara agus Rachael.


An Titanic

An Titanic

Bhí muid ag foghlaim faoin Titanic an tseachtain seo. Tá sé 100 bliain ó shin ó chuaigh an Titanic san uisce.  Tógadh an Titanic i mBéal Feirste, chuaigh sí san uisce don chéad uair ar an 31 Bealtaine 1911. Sheol sí as Southampton ar an 10 Aibreán 1912 agus ansin stop sí i gCorcaigh le haghaidh tuilleadh paisinéirí a phiocadh suas. Bád mór millteach a bhí inti agus cheap daoine nach dtarlóidh aon rud di agus go raibh sí an-sábháilte. Bhí an Titanic an-ghalánta, bhí linn snámha uirthi fiú! Edward John Smith an t-ainm a bhí ar an gCaptaein.

Nuair a bhí an Titanic ar a bealach go Meiriceá tharla timpiste. I lár na hoíche bhuail sí isteach in aghaidh cnoc oighir agus thosaigh an bád ag dul síos. Ní raibh dóthain báid tarrthála acu le haghaidh na paisinéirí ar fad a bhí ar bord agus fuair go leor daoine bás.

 An raibh a fhois agat???

–      Bhí an Titanic 269 méadair ar fhad, beagnach chomh fada leis an Eiffel Tower sa bhFrainc.

–      Bhí 2,228 duine ar an Titanic.

–      ‘Nearer My God to Thee’ an t-amhrán deireadh a chas an banna ceoil ar an Titanic.

–      Chosain sé 7,000,000 dollar an Titanic a dhéanamh.

–      Nuair a d’fhág an Titanic Southampton bhí  40,000 ubh ar bord, 36,000 úll, 36,000 oráiste agus 1,000 builín aráin ar bord uirthi.


Turas Scoile Rang a hAon

Chuaigh muid go ‘Lough Key Forest Park’ Déardaoin seo caite. Bhí an-lá againn, bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí an-spóirt againn.

Chuaigh muid ag siúlóid sa choill agus chuaigh muid ar ‘Adventure Walk’. Chonaic muid go leor cinéalacha éagsúla crainnte agus bláthanna. Chonaic muid nead sciatháin leathair ach ní fhaca muid aon sciatháin leathair mar bhí siad ina gcodladh. Ansin chonaic muid an caisleán mór i lar na locha. Tar-éis am lóin bhí muid ag súgradh sa ionad súgartha. Ansin chuaigh muid isteach go ‘Boda Borg’, bhí sé sin ar fheabhas, bhí muid roinnte suas i bhfoirne agus bhí trialacha le déanamh againn. Ansin chuaigh muid ar ais go dtí an ionad súgartha arís agus ansin chuaigh muid abhaile. Bhí chuile dhuine an-tuirseach tar-éis an lá iontach a bhí againn.


Cóineartú 2011

Chuaigh Rang a Sé faoi lámh an tÉaspag ar an 3ú Meitheamh. 


Turas na Naíonáin

Chuamar go dtí an” Mulvey Centre” agus go Doorly Park. Bhí an-spóirt againn.


How to make Rice Krispy buns

Mar chuid do ranganna scríbhneoireachta bhéarla, táimid ag cur bailiúchán ‘recipes’ le chéile. Bhaineamar trial as an recipe do Rice Krispy féachaint an raibh á treoracha cruinn agus soiléir. Bhaineamar an taitneamh as an trial….

 

 

We are working on a class book of recipes and board games. We tested our recipe for Rice Krispy buns to see if our step by step guide was accurate. We were in groups of two or three as we tried out our recipe. We thoroughly enjoyed the experiment. We found that some of our recipes left out some information and difficult to follow while others were easier to follow.

 

 

 

 


Turas Scoile Rang a Dó.

Chuamar ar thuras go dtí…………………………….


Obama’s visit to Ireland

Report on Obama’s visit to Ireland by Tom. Rang a Trí

President Barack Obama is the forty-forth President of the United States of America. He came to visit Ireland on 23th May 2011. He arrived in a special plane made for the President of America called ‘Airforce One’. He went to visit our President Mary Mac Aleese in her house ‘Áras na hUachtaráin. Then he had a meeting with Enda Kenny our Taoiseach in Farmleigh House.

His great, great, great grandfather is from a village in Offaly called Moneygall. He visited Moneygall. He went on a special helicopter and some Chinook helicoptors went with him. He shock hands with all the people in Moneygall. He held three babies. He visited his great, great, great, grandfathers homeplace. He went into a shop called “an siopa beag”. and he had a pint of Guinness in the pub. Then he went to College Green in Dublin.

He made a speech to thousands of people. He said “Tá  áthas orm bheith anseo”.  He will stay with President Mary McAlesse tonight and go onto London tomorrow.

We are very happy that he and his wife Michelle came to visit us. He gave us great hope for the future. “Can we do it? Is féidir linn”

Written by Tom – Rang a Trí


Labhairt na Gaeilge 16ú Bealtaine

Seo a leanas Glór na Seachtaine don tseachtain 16ú Bealtaine.

Maith sibh.


Céad Comaoineach 2011

Comhghairdeas le Rang a 2 a fuair an Chéad Chomaoin Naofa ar an Domhnach 15ú Bealtaine. Buíochas do gach duine a glacadh páirt.