Tionscnaimh Tír Eolaíochta Rang 6
Date: 07/11/2011
Wednesday, 25 of December of 2024
ní neart go cur le chéile
Bhí díolacháin cácaí ag rang a sé ar an 26/10/2011.
Bhí na cácaí ís fearr sa domhain déanta againn !!! Ar maidin mhaisigh muid an halla agus shocraigh muid suas na boird. Ansin bhí deis ag gach rang dul síos go dtí an halla agus cácaí a cheannach. Bhí raifil againn freisin agus bhí ticéid ar díol.
Bhailigh muid €545 don scoil. Roinnfear amach an t-airgead go cothrom idir gach rang le haghaidh leabhair a cheannach don leabharlann ranga. Míle buíochas as ucht bhur dtacaíocht!!
Múinteoir Samantha & Rang a 6.
Date: 07/11/2011
Bhí Rang a hAon ag bácáil inniu, rinne muid Rice Krispie buns. Mhaisigh muid iad agus ansin d’ith muid iad. Bhí siad an-bhlasta ar fad!!
Date: 23/06/2011
Bhí cuairteoir sa scoil inniu (Dé hAoine) ag labhairt linn faoi feithidí agus ainmhithe éagsúla. D’fhoghlaim muid go leor faoin timpeallacht agus cé chaoi chomh tábhachtacht atá sé aire a thabhairt don timpeallacht.
Date: 17/06/2011
Bhí Rang a hAon ag fás bláthanna. Chuir muid na bleibiní sna potaí agus phéinteáil muid na potaí. Ansin d’fhág muid iad in aici na fuinneoga agus chaith muid uisce a chuir orthu cúpla uair in aghaidh na seachtaine. Bíonn grian agus uisce ag teastáil uaidh na bleibiní. Tá cúpla ceann acu fásta cheanna féin agus tá muid fós ag fanacht leis na cinn eile.
Date: 14/06/2011
Bhí Rang a hAon páirteach i gcomórtas Ealaíne, bhuaigh triúr as an rang duais agus bhí bronnadh speisialta ar siúl i Halla na Cathrach le Méara Shligigh, Matt Lyons. Bhí orainn pictiúr a dhathú as an scannán ‘The Hunchback of Note Dame’. Comghairdeachas le Aoife, Tara agus Rachael.
Date: 09/06/2011