Lá Bríde
Date: 03/02/2012
Tuesday, 24 of December of 2024
ní neart go cur le chéile
Bhí muid ag foghlaim faoi na Ceiltigh freisin. D’fhoghlaim muid faoin gcinéal saoil a bhí acu- a gcuid uirlisí troda, a gcuid éadaí & seodra, a gcuid tithe, Ogham agus na féilte a bhíodh acu. Bhí deis againn ar fad cúpla rud a scríobh in Ogham. Ansin rinne muid Ealaín bunaithe ar na Ceiltigh.
Date: 03/02/2012
Bolcáin le Rang 3 & 4
Bhí Rang 3 & 4 ag foghlaim faoi bholcáin le cúpla seachtain anuas. Rinne muid ár gcuid bolcáin fhéin as cré agus buidéal plaisteach. Ansin d’úsáid muid fínéagar, sóid arain agus ‘food colouring’ dearg. Ansin bhí pléascadh ollmhór ann!
Date: 03/02/2012
Bhí Rang a 6 ag I.T Shligigh le haghaidh Seachtain Eolaíochta an mhí seo caite. Rinne muid staidéar ar leitreachas. Rinne muid muileann gaoithe agus tráth na gceist le ciorcad leitreach. Freisin, rinne muid leitreach statach le balúin a chomaill ar gruaig. Tháinig go leor daoine chuig ár seastán . D’fhoghlaim muid go leor agus bhain muid an-taitneamh as an tionscnamh.
Date: 13/12/2011